Na hÓglaigh, fear acu darbh ainm Fergus Maloney, curtha i nGort a Choirce. Tá cuimhne aige ar Charlie Daly fosta. Nuair a bhíodh siad ar a seachnadh, bhíodh a mháthair ag déanamh réidh bia daofa, bhíodh siad ag fanacht i dteach Shíle Mhíchéil Árais i mBedlam. Bhí col ceathar dena chuid, Dan Coyle sna hÓglaigh fosta. An oíche a bhí cúpla fear acu ag teitheadh ag tarraingt ar an Dúnan, scaoileadh cúpla fear acu.